Boko Haram á lua le marú 18 inniu, 118 inné

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir na húdaráis san Nigéir go bhfuil gach cuma ar an scéal gur trodairí de chuid Boko Haram a bhí freagrach as sléacht i mbaile Alagarno aréir agus ar maidin a d’fhág suas le scór duine marbh. Chaith gunnadóirí roinnt uaireanta a chloig ag bualadh is ag marú daoine de réir féinnithe súl. Tá an baile faoi chóngar do Chibok, an baile as ar fuadaíodh na céadta cailín scoile ar na mallaibh.  Inné maraíodh 120 duine ar a laghad nuair a phléasc dá bhuama in Jos, baile mór a ionsaíodh go minic roimhe seo. Phléasc buamadóirí buamaí in ospidéil agus i margadh sráide.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive