Bob Hoskins, aisteoir, i ndiaidh a bháis

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá an t-aisteoir Sasanach aitheanta Bob Hoskins i ndiaidh a bháis. Bhí sé 71 bliain d’aois. Fuair sé ainmiúcháin do Ghradam Oscar in 1987 as a ról sa scannán Mona Lisa. Bhíodh clú air go mór mór as a ról mar Cockney nó mar drongadóir cé go raibh rólanna aitheanta eile aige lena chois. Ar na scannáin is mó a bhí sé páirteach ann bhí ‘The Long Good Friday’, ‘Mona Lisa’, ‘Who Framed Roger Rabbit’, ‘Mermaids’, ‘Hook’, ‘Nixon’, ‘A Christmas Carol’, ‘Neverland’, agus a ról deiridh scannáin, ‘Snow White and the Huntsman.’

Bhain sé go leor gradaim i Sasana as a ról i sraitheanna, orthu sin ‘The Street.’ In 2012 d’fhógair sé go raibh galar Parkinson aige.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-24 05:37:33

Admin/login Comments RSS

ILBF