Blair, ní raibh locht orm, an Arm Ioslámach in Iaráic agus an Leiveaint ag maíomh as cimí a mharú

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá fianaise go leor ar chuntas Twitter an Arm Ioslámach in Iaráic agus an Leiveaint le tamall anuas go maraíonn an grúpa cimí dá gcuid agus i gcásanna áirithe go mbaineann siad an chloigeann díobh. Ach tá aird idirnáisiúnta agus cáineadh idirnáisiúnta ar an ghrúpa antoisceach mar gheall ar thuairiscithe gur mharaigh siad idir roinnt dosaein cimí nó breis agus míle cime dá gcuid (ag brath ar cé acu tuairisc a dtiocfadh leat muinín a chur ann) le linn a n-ionsaithe ar Mhosul agus bailte eile na hIaráice an tseachtain seo caite. Léirigh grianghrafanna a cuireadh in airde ar shuíomh de chuid an Arm Ioslámach in Iaráic agus an Leiveaint  fir armtha, trodairí dá gcuid is dócha,  ag tabhairt ar shiúil fir eile agus a scaoileadh. Meastar gur saighdiúirí a gheill seachas troid nuair a ghabh ISIS a mbeairic in Tikrit. Deir na Náisiúin Aontaithe go bhfuil siad ag fiosrú na n-eachtra seo. Inné dúirt Tony Blair nach bhfuil baint ar bith idir ionradh na hIaráice in 2003 agus na himeachtaí atá ag titim amach ann innniu. Dar leis go mbeadh cogaíocht den tsórt atá ar bun anois, go mbeadh sin agus níos measa ann go fiú dá bhfágfaí Saddam Hussein i gcumhacht. Seachas ionradh na hIaráice is é cinneadh an Iarthair gan ionsaí a dhéanamh ar fhórsaí Bashar al Assad in Siria is cúis leis an chasadh is úire san Iaráic dar leis. Deir an toscaire síochána don Mheánoirthear go gcaithfidh an tIarthar luath nó mall a ladhar a chur isteach i gcúrsaí na hIaráice / na Siria.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-25 15:34:29

Admin/login Comments RSS

ILBF