Bhí léirscrios na nAirméineach ‘mídhaonna’ – Recep Tayyip Erdogan

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Dúirt Príomh Aire na Tuirce inniu go raibh an slad a rinneadh ar Airméinigh in 1915-1918 neamdhaonna. Ba chéim eile é seo, beag nó mór, in iarrachtaí na Tuirce chun baint den searbhas atá idir an dá thír faoin chinedhiothú a rinneadh ar Airméinigh in 1915-1918. Meastar gur maraíodh suas le 1.5 milliún duine acu agus na hOttamanaigh á gcur faoi chos ach bhí léisc ar an Tuirc riamh glacadh leis gur cinedhiothú a bhí I gceist. Chuir siad a n-amhras in iúl faoin lion daoine a maraíodh agus mhaígh siad lena chois gur maraíodh scair mhór acu I gcathanna a bhí ag dul le linn an Chogaidh Domhanda. Anuraidh chuir Ahmet Davutoglu, Aire Gnóthaí Eachtracha na Tuirce in iúl le linn cuairt ar Phoblacht na hAirméine gur mheancóg a bhí sa slad a tharla agus go raibh sé neamhdhaonna. Ach I rith an ama tá an pobal Airméanach sa bhaile agus I gcéin maíte ar aitheantqs a fhái ón Tuirc gur cinedhiothú a bhí I gceist

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 18:09:43

Admin/login Comments RSS

ILBF