Bhain muid an chloigeann d’iriseoir Mheiriceánach – SI

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Dar leis an Stát Ioslamach gurb iad a rinne iriseoir ó Mheiriceá a dhícheannú agus maíonn siad go bhfuil iriseoir eile ón Iarthar acu. Deir siad go mba cheart do Barack Obama a bheith iontach cúramach faoi socruithe a dhéanann sé amach anseo maidir le cur i gcoinne an SI. I bhfíseán a cuireadh ar líne, agus a síltear a bheith fíor, labhraíonn fear le blas Sasanach leis an chameara sula mbaineann sé an chloigeann dá chime. Maíonn SI gur mharaigh siad James Foley, iriseoir/grianghrafadóir, mar dhíoltas ar na hionsaithe a rinne scairdeitleáin Mheiriceá ar trodairí SL ag damba Mosul le déanaí. Tuigtear gur ghabh dream eile de throdairí Ioslamacha James Foley dhá bhliain ó shin ach gur thug siad leis é chuig an SI nuair a shocraigh siad dul le SI seachas fanacht leis an ghrúpa a bhí siad ceangailte leis roimhe sin. Le tamall anuas ní dhearnadh dícheannú ar fhíseán ar dhaoine as an Iarthar, seift a chlechtaigh Al Qaeda san Iaráic le fada an lá. Ach tá an SI tosaithe ar a leithéid a dhéanamh go coitianta, iad ag scannánú ar bhonn rialta dícheannú is céasadh cimí dá gcuid.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-27 19:53:16

Admin/login Comments RSS

ILBF