Berlusconi faoi bhrú i ndiaidh do Letta vóta muiníne a bhaint

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá dochar déanta do stádas Silvio Berluscnoi i measc a lucht tacaíochta féin i ndiaidh dó socrú ar U-chasadh i bparlimint na hIodáile inniu. Dé Sathairn seo caite d’éiligh Berlusconi ar a airí éirí as rialtas sa dóigh is go dtitfeadh rialtas Enrico Letta.  Chuir roinnt airí a míshásamh in iúl agus den chéad uair le fada thug roinnt acu dúshlán oscailte do cheannasaíocht Berlusconi. Ar maidin, chun cuma éigin a chur air féin, dúirt an tUasal Berlusconi go raibh sé chun tacú leis an rialtas. Ach comhartha a bhí san éirí amach go bhfuil stádas Berlusconi ag titim mar gheall ar na scannail éagsúla a raibh ceangal aige leo agus cionn is díograis na gcúisitheoirí agus eile atá de shíor a ciapadh.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-27 01:29:56

Admin/login Comments RSS

ILBF