Beirtg iriseoir Fhrancach maruithe in Mailí

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Maraíodh beirt iriseoir Fhrancach I mbaile Kidal in Mailí inniu. Ní léir cén grúpa a bhí freagrach agus níl iomlán na sonraí dár tharla ar fáil ach tuigtear gur fhuadaigh ceathrar gunnadóir iad díreach i ndiaidh dóibh agallamh a chur ar Ambeiry Ag Rhissa, gníomhaí leis an ghrúpa scarúnach Tuareg. Tá tuairisc ann go raibh saighdiúirí ó arm na Fraince agus ó arm Mailí sa tóir orthu nuair a maraíodh an bheirt. Bhain an nuacht croitheadh as pobal na Fraince, díreach cúpla lá I ndiaidh do ceathrar Francach a bheith ligthe saor sa Niger. Dar le Radio France Internationale go raibh an bheirt a maraíodh, Claude Verlon agus Ghislaine Dupont ar a ndara jab I mbaile Kidal nuair a fuadaíodh iad. San iomlán maraíodh 42 iriseoir I mbliana, agus 1,009 iriseoir, ar a laghad, ó 1992.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-24 22:21:59

Admin/login Comments RSS

ILBF