Beirt dheartháir Kouachi agus ionsaitheoir Porte de Vincennes marbh i ndiaidh ionsaí na bpéas

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá Le Monde ag tuairsciú gur maraíodh an bheirt dheartháir Kouachi, a bhí ar na daoine a bhí na péas in amhras fúthu maidir leis an ionsaí ar oifig Charlie Hebdo, in ionsaí a rinne péas ar fhoirgneamh in Dammartin-en-Goële tráthnóna. Mhair an t-ionsaí ar an fhoirgneamh tamall gairid ach bhí scaoileadh fíochmhar ann feadh tamaill. Thart faoin am céanna rinne péas ruathar ar an siopa mar a bhí fear ag coinneáil roinnt gialla. Maraíodh eisean chomh maith tuigtear ó fhoinsí péas. Ní léir scéal na ngialla go fóill ach meastar go bhfuil an ghiall a bhí á coinneáil in Dammartin-en-Goële sábháilte. Tugadh roinnt daoine ón siopa ag Porte de Vincennes chuig an ospidéal i ndiaidh na hoibríochta ansin. Creidtear gur gialla iad agus cuma air go raibh an líon sin acu i gceart.

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 20:12:53

Admin/login Comments RSS

ILBF