Suas le seisear ina ngiall in eachtra lámhaigh Porte de Vincennes – tuairscithe éagsúla

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Agus tuairiscithe ag teacht salach ar a chéile faoinar tharla ag Porte de Vincennes tá an áisínteacht nuachta Reuters ag tuairisciú gur gortaíodh duine amháin go dona agus gur tógadh suas le seisear ina ngialla ag fear ag siopa caisear. Níos luaithe inniu, tuairiscíodh ar shuíomh Le Monde, go raibh beirt marbh ar a laghad san eachtra lámhaigh ag Porte de Vincennes agus seisear tógtha ina ngialla ag siopa caisear ann. Ach níl aon dearbhú ann fós ar dhuine ar bith a bheith marbh. Ar ball chuir siad in iúl go bhfuil urlabhraí oifigiúil dlí ag cur in iúl nach eol dóibh aon duine a bheith marbh ach go bhfuil foinse eile dlí ag cur in iúl gur maraíodh beirt. Gach rud ceomhar agus go leor tuairimíocht, is ráflaíocht sa tsiúil mar aon le tuairisciú. Bhí na péas ar fáire ar fud Pháras inniu agus i dtrátha 3.00 am na Fraince tugadh daoine amach as an Metro agus sa cheantar maguaird don Trocadero. Bhí slua péas ar an láthair ach tugadh le fios ar ball gur buairt gan bunús a bhí ann agus ardteannas fud na cathrach.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-21 13:19:13

Admin/login Comments RSS

ILBF