Béile nó Faic! Imeacht tógáil airgid fa choinne Naíscoil Uachtar Tíre

imeachtaí, nuacht, Nuacht24

Béile nó Faic! Tiomsaitheoir Airgid fa choinne na Naíscoile

Beidh an Chef iomráiteach, Eamonn Ó Catháin, mar Fhear an Tí ag tiomsaitheoir airgid spleodrach le haghiadh na Naíscoile ar an Aoine, an 12ú Nollag ag 8.00in i Naíscoile Uachtar Tíre Chaisleán Uidhlín. Beidh ar dhá fhoireann de bunadh na háite béile a dhéanamh de chomhábhair rúndiamhair i gcionn uair amháin.

Tabharfaidh Eamonn smaointe deasa agus leideanna dúinn ar chúrsaí cocaireachta le haghaidh na Nollag roimh na buaiteoirí a roghnú le cuidiú an lucht féachana.

Beidh sólaistí ar fáil ag an imeacht datheagach seo. Beidh táille £5 ann agus rachaidh gach fáitais don Naíscoil. Tá ticéid ar fáil ó Naíscoil Uachtar Tíre, Bunscoil Bheanna Boirche agus oifig Ghlór Uachtar Tíre (028 437 70331) nó gloruachtartire@hotmail.co.uk.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-27 19:51:57

Admin/login Comments RSS

ILBF