Beidh aisfhreagra ón Rúis má ionsaítear a suimeanna san Úcráin – Lavrov

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Thug Aire Gnóthaí Eachtracha na Rúise. Sergei Lavrov le fios tráthnóna go mbeidh aisfhreagra ón Rúis má ionsaítear a cuid suimeanna san Úcráin . Cuirfidh a rabhadh, a cuimhníonn an cinéal cainte a d’úsáid an Rúis roimh a chogadh leis an Seoirisa in 2008 agus is é an treisiú is úire ar an bhriatharchath idir na Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Rúis maidir leis an Úcráin. Tá buairt ann ní amháin sa Rúis ach I Meiriceá go bhfuil an rialtas I gCív ar tí tabhairt faoi athghabháil roinnt de na foirgnimh poiblí atá faoi smacht lucht tacaíochta na Rúise in oirthear na hÚcráine le roinnt seachatainí anuas. Bhí an oibríocht sin curtha ar ceal mar gheall ar an chomhaontú a bheartaigh Meiriceá is an Rúis sa Ghinéiv 10 lá ó shin. Ach I ndiaidh áimsiú beirt dhuine, polaiteoir duine acu, dúnmharuithe le taobh an bhealaigh mhóir ag tús na seachtaine seo tá an rialtas I gCív maíte ar thosú as an úr ar an oibríocht mhíleata I gcoinne lucht tacaíochta na Rúise san Úcráin.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-24 22:24:51

Admin/login Comments RSS

ILBF