Bean torthach, líon mór páistí ar19 Palaistíneach marbh ó thosaigh babhta nua cogaíochta

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir Hamas nach fíor do mhaíomh ‘foinsí Iosraelacha’ le Fox News gur mharaigh siad ceannaire míleata Hamas inné in aer ionsaí ar theach a mharaigh a bhean chéile agus mac leis. Maraíodh bean torthach agus ceathrar páiste léi in ionsaí eile mar aon le beirt pháiste a bhí ag súgradh sa tsráid agus fear le páiste ar ghluaisrothar. Dar le hIosrael nach n-ionsaíonn siad aon duine ach ‘sceimhlitheoirí.’ Ní léir ar maraíodh ceannaire Hamas san ionsaí ach maraíodh cúigear ar a laghad san ionsaí. Gortaíodh 45 duine. Tá an forneart a thosaigh inné ag dul go trean i rith an ama. Rinne Iosrael ionsaithe feadh an Straice Gaza aréir agus inniu agus tá na scórtha mílte Palaistíneach i ndiaidh teitheadh óna dtithe faoi bhagairt ó na hionsaithe seo. Scaoil Hamas is grúpaí eile sa Straice Gaza tuairim is 130 raicead ó thosaigh an babhta nua trodaíochta.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-19 04:37:59

Admin/login Comments RSS

ILBF