Bean Chríostaíoch a daoradh chun báis i Meiriceá anois

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Bhain MERIAM IBRAHIM TEHYA Ishag, an bhean ón tSúdán a daoradh chun báis as iompú ó bheith ina Moslamach le bheith ina Críostaí, bhain sí Meiriceá amach inniu. Ligeadh saor ó phríosún í i ndiaidh brú ollmhór idirnáisiúnta agus sa deireadh d’éirigh léi imeacht ón tír lena fear chéile Daniel i ndiaidh dóibh mí a chaitheamh ina gcónaí in Ambasaid Mheiriceá i gCartúm.  Rachaidh sí a chónaí i New Hampshire Mheiriceá anois ach nuair a chaith s i an lá inné in Philadelphia, bhronn an tArd Mheara, Michael Nutter samhail de ‘Clog na Saoirse’ uirthi agus thug ‘trodaire ar son na saoirse’ uirthi.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-20 07:53:33

Admin/login Comments RSS

ILBF