Bean aimsire ar dhuine de cheathrar curtha chun báis san Araib Shádach

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá eagrais cearta daonna agus roinnt rialtais i ndiaidh an Araib Shadach a cháineadh as iad a bheith ag cur cailín aismire ó Srí Lanca chun báis. Dar le lucht cearta daonna go raibh Rizana Nafeek, 17 mbliain d’aoisin 2005 nuair a fuair naíonán ceithre mhí d’aois, a bhí faoina cúram, bás. Shéan sise go raibh sí freagrach ach ciontaíodh í agus bhí sí ar ceathrar duine a baineadh an cloigeann díobh agus pionós an bháis á cur i bhfeidhm. Deir grúpaí cearta daonna go bhfuarthas faoistín ón bhean óg in ainneoin fadhbanna mhóra  teanga a bheith ag baint leis an fhaoistín agus mhaígh siad gur cuireadh brú as cuimse uirthi a leithéid a shíniú.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive