Bás Gabriel Garcia Marquez

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Bhí maithe móra agus gnáthdhaoine líonmhar ag cur a mbrón in iúl inné faoi bhás Gabriel Garcia Marquez, an scríbhneoir Colómach a cailleadh inné agus é in aois 87 bliain. Bhí sé i ndiaidh a bheith tinn le tamall anuas agus bhí sé i ndiaidh teacht amach as an ospidéal. Rugadh sa Cholóim 6 Márta 1927 agus cionn is cúraimí eile a thuismitheoirí fágadh é  é don chuid is mó lena sheanmháthair. Is uaithi sin a d’fhoghlaim sé na scéalta fantasaíochta is draíochta a bhí mar bhrat do chuid mhór dá scéalta ar ball.  Rinne sé léann dlí ag coláiste de chuid na nIosagánach ach d’éirigh sé as le dul leis an iriseoireacht.

I 1954 chuaigh sé chun na Róimhe ar jab iriseoireachta agus chaith cuid mhór dá shaol ina dhiaidh sin taobh amuigh den Cholóim, go mór mór cionn is a thuairimí láidre agus a seasamh leis an eite chlé.  Bhí sé go mór faoi thionchar William Faulkner agus in aois 23 bliain scríobh sé a chéad úrscéal. Thóg sé seacht mbliain air foilsitheoir a fháil a bheadh sásta é a chur i gcló. I Spainnís a scríobh sé. Foilsíodh ceithre úrscéal leis ceann i ndiaidh a chéile agus a chlú ag treisiú le gach ceann acu. In 1965 agus é ag tiomáint go Acapulco tháinig an smaoineamh a thug chun beatha ‘One Hundred Years of Solitude’ agus as go brách leis ar ais chun an bhaile gur sé  shuígh os comhair an clóscríobháin le soláthar toitíní agus beagán bia gur scríobh sé lá i ndiaidh lae, mí i ndiaidh míosa, go dtí go raibhan t-úrscéal scríofa aige. Díoladh ar a laghadh 30 milliún cóip den úrscéal ó foilsíodh é in 1967. In 1982 bronnadh Gradam Nobel na Litríochta air agus bhí glacadh iontach maith in 1986 lena úrscéal ‘Love in the time of Cholera.’

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-25 15:38:44

Admin/login Comments RSS

ILBF