Banphéas marbh i ndiaidh scaoilte na maidine seo i bPáras

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá an bhean a scaoileadh ar maidin in eachtra lámhaigh ó dheas de Pháras i ndiaidh a báis. Bhí sí ar dhuine de bheirt a scaoileadh. Tá fostaí le comhairle an bhaile go dona tinn san ospidéil. Deir na péas nach bhfuil siad ag cur as an áireamh go raibh ceangal idir an scaoileadh seo agus scaoileadh an lae inné. Dar le hAire Gnóthaí Baile na Fraince, Bernard Cazeneuve, a bhí ag caint ag láthair na heachtra, go bhfuil sé róluath chun tuairim a nocht faoi cheangal a bheith idir an dá eachtra.  Ach síltear go forleathan go bhfuil ceangal ann.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-25 05:58:25

Admin/login Comments RSS

ILBF