Ball de Pussy Riot buailte le fuip ag péas

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Bhain Cosacach úsáid as fuip chun baill den ghrúpa Pussy Riot a ionsaí nuair a thug roinnt de na mná sa ghrúpa iarracht chun físeán a thaifead faoi chomhartha do na cluichí Oilimpeacha in Sochi. Tá Cosacaigh ag feidhmiú I ról peas le linn na gCluichí Oilimpeacha. Nuair a thug na mná iarraidh canadh d’ionsaigh Cosacach bean acu le sprae piopair. D’ionsaigh Cosacach eile bean le fuip. Dar le baill an ghrúpa go bhfuil said á gciapadh gan stad gan staonadh ó tháinig said go Sochi. Dar leo nach raibh aon chúis ag na Coscacigh chun iad a ionsaí.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-24 19:12:01

Admin/login Comments RSS

ILBF