‘Ba cheart an Duais Síochána Nobel a bhronnadh ar arm Iosrael’ Ambasadóir Iosrael go Meiriceá

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Dar leis an nuachtán Iosrael Times of Israel, dúirt Ambasadóir Iosrael do Mheiriceá, Ron Dermer inniu go mba cheart an Gradam Síochána Nobel a bhronnadh ar arm Iosrael as a srianta is a bhí siad agus iad ag troid i gcoinne Hamas in Gaza. Bhí sé ag caint ag ócáid do Chríostaithe i Meiriceá agus le linn a chainte d’ionsaigh sé na Náisiúin Aontaithe agus grúpaí cearta daonna áirithe as a bheith ag cuidiú, i ngan fhios dóibh féin, le cúis Hamas trí cuidiú le Hamas a chreidiúint go mbeiidh ‘ a stráitéis d’úsáid sibhialtaigh mar sciath cosanta éifeachtach.’

Fógraíodh ag am lóin inniu go bhfuil os cionn 600 Palaistíneach marbh anois agus 3,200 ar a laghad gortaithe agus go bhfuil os cionn 100,000 bogtha amach as a dtithe ó thosaigh an chogaíocht.

Den dara uair taobh istigh de 3 lá maraíodh bean torthach in aer ruathar ag aerfhórsa Iosrael.

Agus ar maidin mhaígh Ambasadóir Iosrael in Éirinn nach raibh a fhios aige faoi ionsaí arm Iosrael ar ospidéal Al Asqa in Gaza inné, ionsaí a mharaigh ceathrar othar agus a ghortaigh 60 duine, 30 den fhoireann ospidéal san áireamh Agus é faoi agallamh ar RTÉ chuir an Ambasadóir in iúl roinnt uaireanta nach raibh a fhios cad a bhí i gceist nuair a thagair an láithreoir roinnt uaireanta don ionsaí ar an ospidéal

Inniu tá dlús, deirtear, faoi iarrachtaí comhréitigh sa reigiún agus John Kerry is Bhan Ki Moon araon ag caint le páirtithe éagsúla. Dúirt Aire i rialtas Iosrael, a bhfuil clú na measarachta uirthi, Tzipi Livni, nach bhfuil rogha sos cogaidh ann i láthair na huaire agus go bhfuil ionradh Iosrael ar Gaza ‘dosheachanta.’

Aréir dúirt Benjamin Netanyahu go bhfuil ‘claonadh Hamas chun sibhialtaigh a chur i gcontúirt samhnasach’ agus cháin sé rialtais áirithe san Iarthar a dhearbhaigh ceart cosanta Iosrael ach ansin cháin Iosrael as an cheart sin a úsáid.

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-08-20 22:08:14

Admin/login Comments RSS

ILBF