Athmhachnamh ag Mc Ilroy, níl sé féin is Caroline Wozniacki le pósadh

nuacht, Nuacht24, spórt

Deir Rory Mc Ilroy gur ar thaobh s’aigesan an fhadbh maidir lena phósadh ar Caroline Wozniacki a bhí le bheith ann go luath amach anseo. Ar maidin fógraíodh nach bhfuil an bheirt le pósadh. Dar leis an ghalfaire ó Chontae an Dúin gur aithin sé ag an deireadh seachtaine seo caite nuair a bhí cuirthí don bhainis á seoladh amach nach bhfuil sé réidh do phósadh agus gach a bhaineann leis. Bhí siad idir lámh is focal ó Lá na Bliana Úire agus ag siúil amach lena chéile ó 2011.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-27 11:38:34

Admin/login Comments RSS

ILBF