Athbheochan Aisteoirí Oirghialla

ealaíona, nuacht, Nuacht24

Tá suim ag baicle beag daoine an Cumann Drámaíochta do dhaoine fásta a athbheochan don earrach i 2015.

Chuige sin beidh cruinniú ann i nGaeláras Mhic Ardghail -Sráid an tSéipéil Uachtarach, An tIúr, Contae an Dúin

Luan 12 Bealtaine ar 8.00 tráthnóna.

Pléifear an smaoineamh mar aon le script, féilte áitiúla 7rl.

Beidh fearadh na fáilte roimh

1.   Aisteoirí

2.   Daoine ar mian leo cuidiú le soilse, cultacha, socrán, fuaim, 7rl

3.   Daoine ar mian leo socruithe eile a dhéanamh – msh. Taisteal, eagrú lóistín, imeachtaí a eagrú le £ a chruinniú 7rl

Is é Seán Mac Labhraí a bheas ag cur tús leis an chruinniú.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive