Ariel Sharon marbh

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá Ariel Sharon, iarPhríomh Aire Iosrael, I ndiaidh a bháis in aois 85 bliain. Bhí tamhnéal air ó bhuail stroic é in 2006, am a bhi dreim leis go mbainfeadh sé an toghchán. Fear é Ariel Sharon a bhí ina laoch ag cuid mhór de phobal Iosrael. Scoilt sé an phobal lena ionradh ar an Liobáin sna 1980í agus ar ball lena chinneadh chun na háitrimh Iosraelacha in Gaza a threigiúint. Ach bhí meas ag Iosraelaigh air mar gheall ar a ról i dtroid i gcoinne na nArabach agt bunú an stáit agus cionn is a ról i gcogaí eile Iosrael go háirithe sa Chogadh Sé Lá i gcoinne na hÉigipte agus sa chogadh Yom Kippur in 1973. Fear míleata a bhí ann go smior ach sa chuid deiridh dá shaol chuaigh sé leis an pholaitíocht agus chruthaigh go raibh tábhacht sa slí beatha sin le cuid de na buanna a chleachtaigh sé roimhe sin sa saol míleata, seiftiúlacht, foighne, agus go háirithe ag déanamh an rud nach bhfuil dreim ag do namhad leis. Nós a chleachtaigh sé i bhfeachtais toghcháin mar aon lena chinneadh chun áitritheoirí a thógáil amach as Gaza. Lena cois sin d’imigh sé amach as a pháirtí Likud, agus bhunaigh páirtí nua polaitiúil in 2005, Kadima. Bhí dreim leis go mbainfeadh sé an toghchán agus go mbeadh polasaithe aige a bhainfeadh siar de go leor Iosraelach. Ach bhuail stroic é agus níor tháinig sé ar ais chuig féin riamh ó shin.

Ach má bhí meas air in Iosrael agus níos mó ná meas i gcás scair den phobal ansin bhí iomrá air fud na cruinne mar gheall ar a ról i roinnt de na heachtraí is míchlú a rinne arm Iosrael. Chomh fada siar le 1953 cáineadh Sharon agus a chomhghleacaithe in Aonad 101, aonad ar Leith de chuid arm Iosrael a bhí freagrach as ionsaithe díoltais. In eachtra amháin in Qibya mharaigh Sharon is a aonad 69 sibhialtach Palaistíneach, ar pháistí roinnt acu agus  ar mhná iad a bhformhór acu. Dar le Sharon, a bhí i gceannas ar an oibríocht, gur shíl sé go raibh na sibhialtaigh uilig imithe óna dtithe nuair a chaith a saighdiúirí granaid istigh ann agus scaoil isteach ann. I 1982 chuir Sharon sealán thart ar champaí teifeach Sabria is Chatilla le go dtiocfadh le gunnadóirí den Falange dul isteach sna campaí agus sléachtú a dhéanamh ar an phobal ann, mná, seandaoine is páistí don chuid is mó. Éigníodh mná is páistí, coilleadh gasúir roimh a marú, agus sádh naíonáin. Meastar gur maraíodh idir 2,000 – 3,500 duine.  Chuir fiosrúchán idirnáisiúnta, a raibh Seán Mc Bride i gceannas air an locht ar Iosrael as ar tharla. Bhí oiread de scannal idirnáisiúnta ann is gur bhunaigh Iosrael fiosrúchán agus d’fhág an fiosrúchán sin locht air go pearsanta as ar tharla. Agus sa bhliain 2000, díreach roimh toghchán, thug Ariel Sharon cuairt ar an Temple Mount, faoi chóngar don Al Aqsa Mosc agus d’fhógair go mbeadh sé faoi smacht ag Iosrael go deo. Ba seo a chuir tús leis an Dara Intifada nuair a maraíodh 3,000 Palaistíneach, 1,000 Iosraelach agus 65 eachtrannach.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-20 15:09:02

Admin/login Comments RSS

ILBF