Ardteannas as an úr i St Louis i ndiaidh don phéas fear dubh a scaoileadh

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Scaoil péas fear óg dubh chun báis in eachtra ag garáiste i mbruachbhaile St Louis i Meiriceá go luath ar maidin inniu. Scaoileadh Antonio Martin, (18)  in Berkeley, bruachbhaile St Louis, cóngarach don áit ar mharaigh péas eile Michael Brown i mí Lúnasa na bliana seo, Spreag an scaoileadh sin tríoblóid sa chathair ar feadh roinnt seachtainí agus spreag léirsithe fud Mheiriceá, léirsithe atá ag dul ó shin i leith. Deir na péas gur dhírigh Antonio Martin gunnán ar phéas ag an stáisiún artola ach deir a mháthair nach raibh gunnán aige ar chor ar bith. Bhí scliúchais sa chóngar i ndiaidh na scaoilte agus ghabh na péas ceathrar duine.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-09-21 00:56:04

Admin/login Comments RSS

ILBF