Áras Nua Raidió Fáilte – 1 Deireadh Fómhair

gné-ailt, nuacht

Tá sé d’ónóir dúinn a fhógairt go mbeidh Raidió Fáilte – an t-aon stáisiún raidió lán-Ghaeilge i mBéal Feirste – lonnaithe inár bhfoirgneamh úrnua saintógtha ar Shráid Dubhaise ón Luan 1 Deireadh Fómhair ar aghaidh.

Ar an ábhar seo beidh cur isteach ann ar ár gcoras ríomhaireachta agus gnáthsceideal craolacháin go ceann tamaill. Beidh tú fós in inmhe éisteacht le Raidió Fáilte ar 107.1Fm i mBéal Feirste agus ar www.raidiofailte.com ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain. 

Mórán buíochais lenár n-éisteoirí uilig in Éirinn agus thar lear as an tacaíocht leanúnach a thug sibh dúinn. Bígí cinnte go mbuailfidh sibh isteach chugainn fá choinne comhrá agus cupán tae agus sibh i mBéal Feirste. 

 

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive