‘Ar son pháistí Gaza’ – colún tuairimíochta le hEoghan Ó Néill

gné-ailt/tuairim, nuacht, Nuacht24

 

 

 

When peace comes, we will perhaps in time be able to forgive the Arabs for killing our sons, but it will be harder for us to forgive them for having forced us to kill their sons

 

Golda Meir, Príomh Aire Iosrael 1970

 

Tá Iosrael ag líonadh reiligí Gaza –  arís eile.

Ón aer, ón fharraige, agus ar thalamh, tá Iosrael i ndiaidh breis agus 60 bliain a chaitheamh ag déanamh sceimhle ar ghlúin i ndiaidh ghlúine de phobal Gaza.

Ag blastáil is ag treascairt, ag bascadh is ag smiotadh leo.

An iarraidh seo, faoi mar a tharla in achan chogadh roimhe ar Gaza, is iad cónraí na bpáistí is túisce a bhréagnaíonn dearbhú Iosrael gur ‘cogadh chosanta’ é seo.

Beagnach 100 páiste.

100 páiste ó aois 5 mhí ar aghaidh.

An beatha buailte amach astu ag diúracáin is sliogáin is piléir.

Seo, dar le hIosrael, an tslí ceart chun Hamas a bhualadh!

Ach ní hé Hamas ná a n-ionsaithe siúd ar Iosrael an príomhchúis leis an ionsaí ar Gaza.

Baineann cogadh Gaza le meon Iosrael agus leis an fonn atá ar níos mó agus níos mó Iosraelach chun an gunna a úsáid seachas an chaint. Chun apartéid a láidriú seachas cothrom na Féinne a thriall. Chun a chreidiúint dá mbolscaireacht féin gurb iadsan na daoine atá i gcónaí faoi bhagairt seachas an 1.5 milliún duine a gcónaíonn i bpríosún oscailte Gaza faoi léigear 24/7.

Ach theip glan ar Iosrael in achan chogadh a rinne siad ar Gaza. Agus teipfidh orthu arís eile an iarraidh seo.

Nó in ainneoin léirscrios Iosrael ar Gaza , tá 1.5 milliún duine   ar leac an dorais acu, atá i rith an ama chomh ceannairceach, chomh  Palaistíneach is chomh dochloíte is a bhí siad riamh.

Dar leis an mhiotas gur tháinig bunaitheoirí Iosrael chuig an Phalaistín 60 bliain ó shin agus dea-rún ina gcroí acu, gur thairg siad cónaí go síochánta leis na Palaistínigh; agus nuair a tháinig na dúchasaigh sin go fealltach le coim na hoíche chun iad a mharú gur throid na hIosraelaigh ar ais agus chuir ruaig orthu.

Ó shin i leith, dar leis an mhiotas, ní raibh aon chogadh dár throid Iosrael nach raibh ina ‘cogadh cosanta.’ Agus ‘an t-arm is morálta ar domhan’ acu lena chois lena gcuid cogaí a fhearadh!

Bréagnaíonn pobal Gaza an miotas.

Is iad siúd na teifigh agus sliocht na dteifeach Palaistíneach sin a díbríodh le piléar agus le bagairt óna dtailte trí scór bliain ó shin.

Tá Iosrael i ndiaidh 60 bliain fada fuilteach a chaitheamh ag iarraidh fáil réidh leis an fírinne náireach úd.

Dá dhíograisí iad, áfach, ní féidir leo na Palaistínigh a scríobh amach as an stair ná as an saol reatha.

Luath nó mall glacfaidh Hamas agus grúpaí eile leis go bhfuil stát darbh ainm Iosrael ag dul a bheith ann.

Agus glacfaidh Iosrael le cearta iomlán an phobail Palaistínigh.

Go dtí sin leanfaidh Iosrael ag sladú seachas ag caint.

Ach ní thig le F-16 ná diúracáin, ná bréaga ná áitrimh mídhleathacha, ní thig leo na Palaistínigh agus a n-aislingí a chloí.

Is díol iontais é go bhfuil acmhainn is misneach fágtha i bpobal Gaza i rith an ama. Ach tá. Misneach dochreidte. Is de thairbhe sin gur sheas agus go seasann muintir na hÉireann leo.

Agus sheas Giúdaigh le pobal Gaza fosta.

Iosraelaigh is Giúdaigh a fheiceann go bhfuil rogha ar an pholasaí cinedheighilte is leatroime is fuildhoirteadh a cleachtaigh a rialtais leis na cianta.

An t-iriseoir Gideon Levy duine de na daoine is aitheanta acu.

In 2008 nuair a rinne Iosrael mórionsaí is ionradh ar Gaza scríobh sé,

‘Our finest young men are attacking Gaza now. Good boys from good homes are doing bad things. Most of them are eloquent, impressive, self-confident, often even highly principled in their own eyes, and on Black Saturday dozens of them set out to bomb some of the targets in our “target bank” for the Gaza Strip………

Maybe if they were to confront the results of their “wonderful work” even once they would regret their decisions, they would reconsider the effects of their actions. If they were to go just once to Jerusalem’s Alyn Hospital Pediatric and Adolescent Rehabilitation Center, where for nearly three years Marya Aman, 7, has been hospitalized – she is a quadriplegic who runs her wheelchair, and her life, with her chin – they would be shocked. This adorable little girl was hit by a missile in Gaza that killed almost her entire family, the handiwork of our pilots.

Gaza is licking its wounds, just like Lebanon before it, and almost no one pauses for a moment to ask whether all this is necessary, or unavoidable, or whether it contributes to Israel’s security and moral image. Is it really the case that our pilots return safely to base, or are they in fact returning to them as callous, cruel and blind people?’

Tá Levy ag scríobh leis i gcónaí agus tá Giúdaigh agus Iosraelaigh go leor ag seasamh leis in Iosrael agus i gcéin.

A fhad is go gcluintear guthanna mar seo tá dóchas ann.

Agus a fhad is go ngníomhaíonn mise is tusa ar a son ní chloífear na Palaistínigh.

Deir rialtas Iosrael gur cuma leo tuairim an phobail idirnáisiúnta. Bréag amach is amach é sin.

Breathnaigh ar na nuachtáin is meáin Iosraelacha is tchífidh tú an tuairisciú ollmhór a dhéanann siad ar an tacaíocht, nó naimhdeas, idirnáisiúnta do pholasaithe Iosrael i dtíortha eile.

Mar sin tóg do ghuth.

Scríobh litir gearáin chuig an BBC nó RTÉ má bhíonn tú míshásta leis an dóigh a dhéanann siad tuairisciú. Déan baghcat ar earraí Iosraelach agus iarr ar do lucht aitheantais déanamh amhlaidh. Glac páirte i léirsithe is mórshiúlta is slógaí. Cuir póstaer, i nGaeilge, i d’fhuinneog ag léiriú do thacaíocht do phobal Gaza. Cuir tú féin ar an eolas faoi Gaza, faoi chás na bPalaistíneach. Scríobh nó scairt ar do TD – Ball Tionóil agus fiafraigh de cad a síleann sé/sí den dóigh a bhfuil Iosrael ag caitheamh leis na Palaistínigh. Scríobh litir chuig an Irish Times nó nuachtán nó iris. Tóg an cheist i do cheardchumann nó i do chumann oibre nó cibé. Nocht do thuairim ar Facebook is Twitter agus cláraigh leis na grúpaí dlúthpháirtíochta chuí. Caith am is fuinneamh is smaointe ag iarraidh teacht ar bhealaí chun tacú le pobal Gaza. Más ealaíontóir thú nó grianghrafadóir nó aisteoir nó díreach gnáthdhuine, scaoil amach an samhlaíocht agus smaoinigh ar bhealach chun do thacaíocht a léiriú.

Ach cibé rud, ná bí díomhaoin!

Faoi mar a dúirt an tEaspag Desmond Tutu an lá faoi dheireadh is ionann an réimeas atá ag Iosrael anois agus an apartéid a chleachtaigh an Afraic Theas – go dtí gur chuir an pobal deireadh leis.

Pobail, san Afraic Theas, fud na cruinne, in Éirinn, a chuir bonn faoin ghluaiseacht frith-apartéid.

Ní rialtais. Bhí bunús rialtas an domhain ar an taobh mícheart faoi apartéid na hAfraice Theas. Tá a mbunús ar an taobh mícheart faoi Gaza.

Mar sin is fúinne, gach duine againn, ár gcuid a dhéanamh ar son na Palaistíne.

Ar son pháistí na Palaistíne.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 08:20:14

Admin/login Comments RSS

ILBF