Aos Dána – 07 Márta 2015 – 15:00-16:00in

nuacht, Sean-sleamhnán

Aos Dána – Clár Ealaíne Raidió Fáilte – le Dónall Mac Murchaidh

Ar chlár na hóiche anocht beidh muid ag éisteacht le hagallamh leis an phíobaire Tom Clarke agus é ag caint faoi Thionól Píobaireachta a bheidh i mBéal Feirste ar 7 Márta 2015. An 23ú Tionól de chuid Chumann Ceoil Thraidisiúnta Bhéal Feirste. Labhróidh sé fosta faoi Belfast Trad agus faoi na ranganna a chuireann siad ar fáil in Ionad Ealaíne an Chorráin (The Crescent Arts Centre) i mBéal Feirste. Chomh maith leis sin cluinfidh muid cúpla píosa ceoil uaidh ar na píobaí.

http://www.raidiofailte.com/nuacht/tionol-piobaireachta-chumann-ceoil-thraidisiunta-bheal-feirste/

Beidh Áine Walsh ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge ag caint linn faoi dheich mbiana den Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann a rinneadh ceiliúradh air ar an seachtain seo caite. Chomh maith leis sin, beidh muid ag éisteacht le hAodán Mac Polainn, Seán Ó Cearbhaill agu Seán Ó Baoill faoin ábhar céanna.

Beidh ceol againn ó na Píobairí Uilleann agus ó Michael McGoldrick a bheidh ag seinm anseo i mBéal Feirste ar an 7ú agus an 8ú lá de mhí Mhárta i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich.

IMG_2429-Edit-2

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive