Aodh Ó Coileáin ceaptha ina Eagarthóir Stiúrtha Nuachta ag RTÉ RnaG

nuacht

Aodh Ó Coileáin PressTá Aodh Ó Coileáin ceaptha ina Eagarthóir Stiúrtha Nuachta ag RTÉ Raidió na Gaeltachta.

As an Daingean ó dhúchas d’Aodh, cé go bhfuil sé ag cur faoi i nGaillimh le blianta fada.  Tá réimse an-leathan taithí san iriseoireacht aige.  Bhí sé ina Eagarthóir Nuachta i TG4 ó 1996 go 2003.  Roimhe sin, chaith sé sealanna ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus le Radio Kerry, chomh maith le hobair saoririseoireachta raidió i réimsí na nuachta, chúrsaí reatha agus siamsaíochta.  Ó 2006, tá sé ag obair mar léachtóir in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, le sainspéis i ndlí na meán.

Tá neart taithí ag Aodh i gcúrsaí teilifíse, leis, idir láithriú, léiriú agus stiúradh.  Ba é a bhí ina stiúrthóir ar an scannán Litir Ó Mháirtín Jaimsie do TG4, a fuair ainmniúchán ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, agus ainmníodh a chlár faisnéise Cúba: Sláinte Mhaith? do Ghradam IFTA.
Dúirt Edel Ní Chuireáin, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta:
Tá taithí fhairsing agus scileanna den chéad scoth ag Aodh Ó Coileáin, atá forbartha aige le blianta fada ina chuid oibre sna meáin.  Níl dabht ná go gcuirfidh sé go mór le foireann na seirbhíse seo, agus tá mé ag súil le dhul i mbun oibre leis ina ról nua mar Eagarthóir Stiúrtha Nuachta.

Chomh maith lena chuid oibre sna meáin, tá an-spéis ag Aodh san aisteoireacht agus i gcúrsaí amharclainne.  Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an chompántais amharclainne Na Fánaithe, agus bhí sé ina bhall d’Aisteoirí Bhréanainn i gCorca Dhuibhe, agus de Siamsa Tíre.

Tagann Aodh Ó Coileáin i gcomharbacht ar Ghearóid Mac Donncha atá ceaptha ina Leascheannaire ar an tseirbhís.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive