An tSualann ag lorg dramhaíle – thar lear

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá ag éirí chomh maith sin le hathchursáil sa tSualann is go bhfuil an tír anois ag iomportáil dramhaíle. Tá an tSualann ag lorg bruscair cionn is go bhfuil siad chomh éifeachtach ag athchúrsáil a bhfuil acu. Ach go fiú agus iad ag saothrú go foirfe ní leor é sin chun córas fuinnimh na tíre a bhreoslú. Mar sin tá conradh acu chun 800,000 tonna de bhruscár ón Iorua a dhódh.  Agus tá siad ag lorg tuilleadh – cé gurbh fhéarr leo go ndéanfadh ballstáit eile an Aontais a bheith chomh éifeachtach i mbun athchúrsála is atá siad féin.

Déantar an dramhaíl ón Iorua a dhódh agus ansin na luaithreach a chur ar ais chuig an Iorua, áit a chuirtear i láithreán dumpála talún iad. Dar le figiúirí ó Eurostat nach dtéann ach 1% de bhruscar tí sa tSualann a fhad leis an láithreán líonta talún, i gcomparáid le 38% ar an mheán do bhallstáit eile an Aontais Eorpaigh. Dóitear 49% de dhramaíl na Sualainne, déantar 36% a athchursáil, agus déantar 14% den dramhaíl a mhúiriniú. Tá dianrialacha ann sa tSualann maidir le dódh chun nach mbeadh nimh nó truailliú ar leith ann dá bharr.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-24 13:06:07

Admin/login Comments RSS

ILBF