Rún ag rialtas na Sualainne an Phalaistín a aithint mar stát

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Agus é ag seoladh a rialtas nua inniu dúirt Stefan Lofven, Príomh Aire úr na Sualainne go n-aithneoidh an tSualainn an Phalaistín mar stát. Beidh a phlean ag brath ar thacaíocht go leor a fháil dá rún i bparlimint na Sualainne nó is rialtas mionlaigh atá i gceist. Ach meastar go bhfuil seans cothrom go n-éireoidh leis an phlean nó tá tacaíocht is tuiscint forleathan do chás na bPalaistíneach sa tír. Feictear an tSualainn mar stát neodrach i ngnóithe idirnáisiúnta agus meas mór air san Aontas agus go hidirnáisiúnta siocair an ról idirghabhála a bhíodh aici go minic i gcúrsaí gnóthaí eachtracha. Má éiríonn leis an phlean bheadh sí ar an chéad bhallstát den AE chun an Phalaistín a aithint mar stát. Thug roinnt ballstát, an Pholainn, an Ungáir is an Slovaic aitheantas roimh dhul isteach san AE. Dul chun cinn mór do na Palaistínigh an scéal seo ach cuirfidh an cinneadh álltacht ar rialtas Iosrael.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-18 10:03:21

Admin/login Comments RSS

ILBF