An t-eagrán is úire de An tUltach ar fáil anois!

ealaíona, nuacht, Nuacht24

Pléann Úna Ultach an dóigh a bhfuil muid ar slabhra ag an fhón póca.

 

Amharcann Pádraig Mac Cóngail ar an tábhacht a bhaineann le teanga do náisiúin an domhain.

 

Cúrsaí taistil is ábhar alt Myra Zepf.

 

An Dlí agus an Ghaeilge: An chéad chuid d’alt tábhachtach ar an bhaint atá ag an dlí leis an teanga. Sa chuid seo amharcann An tOllamh Tony Crowley ó Ollscoil Leeds ar stair an Bhéarla in Éirinn agus maíonn gurbh é a úsáid mar theanga rialtais in Éirinn a mhúnlaigh agus a dheimhnigh é.

 

Agus Corn an Domhain thart amharcann Aodán Ó Duibh ar shaol an duine a chéadchum an cic éirice.

 

Cuireann Anton Mac Cába agallamh ar Sonia Nic Giolla Easbuic.

 

Tugann Ciarán Ó Coigligh a mheas ar an athbhreithniú ar an Chaighdeán Oifigiúil. Cuid II.

 

Cleachtadh na staire is ábhar do D Ó Maol Blagaide an mhí seo mar aon le spléachadh ar shaol an Ultaigh, Ulysses S Grant.

 

Dánta le JJ Ó Dochartaigh

 

Cúpla gearrscéal le Liam Mac Giolla Mheana agus Seán Ó Muireagáin.

 

Ar an lá seo le hAodhán Ó Rathaille.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-09-20 10:11:49

Admin/login Comments RSS

ILBF