An Mhailaisea, an tSín is an Astráil ag comhoirdniú cuardach fadthréimhseach do MH370

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Beidh ionadaithe rialtais ón Astráil, ón tSín is ón Mhailaiseia, ag bualadh le chéile ar an tseachtain seo chugainn chun plean a fhorbairt le leanúint leis an chuardach don MH370 sna míonna amach romhainn más gá. Ar maidin dúirt Angus Houston, an fear atá i gceannas an chuardaigh, go dtógfadh sé idir 8-12 mí chun cuardach ceart a dhéanamh ar an limistéir a síleann siad an t-eilteán a bheith ann. Ach más gá sin tá siad ag déanamh réidh do chuardach fadthréimhseach dar leis. ‘Measaim go n-aimseoidh cuardach éifeachtach, go n-aimseoidh sé an t-eitleán MH 370′ ar seisean.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-21 05:41:39

Admin/login Comments RSS

ILBF