An Ghearmáin is Meiriceá in adharca a chéile – arís

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Cháin Sainsléir Merkel na Gearmáine go géar leasArd Rúnaí Stáit Mheiriceá Victoria Nuland as caint a rinne sí i gcomhrá a rinneadh cúléisteacht air, meastar. Sa chomhrá, a cuireadh ar an idirlíon agus a chuir aifeáltas ar thaidhleoirí Mheiriceá, cloistear duine den bheirt ag maíomh go mbfhearr i bhfad na Náisiúin Aontaithe a bheith gaibhte sa scéal agus ‘F…. an EU.’ Tagairt a bhí ann don iarracht comhréitigh atá ar bun ag an Aontas Eorpach i gcúrsaí na hUcráine agus thug sé le fios gur beag an meas atá ag Meiriceá ar an iarracht sin. Níor dhearbhaigh Meiriceá gur fíorthaifead de chomhrá idir taidhleoirí é fós ach is beag seans nach ea. Meastar gur Geoffrey Pyatt, Ambasadóir Mheiriceá i gCív na hUcráine agus an Bhean Uasal Nuland an bheirt atá i mbun cainte ann.

Mar aon leis an chaint faoin Aontas Eorpach déanann an bheirt plé ar cheannairí an fhreasúra agus an dóigh gurbh fhéidir iad a aontú agus a láidriú, rud a chuirfidh leis an tuairimíocht go bhfuil an tIarthar ag iarraidh cur le trioblóid is neamhsheasmhacht pholaitiúil san Úcráin.

Níl sé ach roinnt míonna ó chuir an Sainsléir Merkel a míshásamh in iúl faoin chúléisteacht a bhí ar bun, de réir dealraimh, ag seirbhísí faisnéise Mheiriceá ar a fón póca.

 

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive