An ETAC ag iarraidh sosanna cogaidh san Siria

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir an Eagraíocht um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha go bhfuil siad ag áiteamh ar ghrúpaí atá i mbun troda san Siria sosanna cogaidh a fhógairt ar bhonn reigiúnda chun go dtiocfadh leo dul i mbun a gcuid oibre. Dar leo go bhfuil sé iontach deacair a gcuid oibre a dhéanamh i gceart nuair a bhíonn cogaíocht ag dul sa chóngar agus go mbíonn ceantracha ag imeacht o smacht dhream amháin go smacht dhream eile in imeacht an aon lae amháin. Deir ceannasaí na heagraíochta, Ahmet Uzumcu, go bhfuil sé féin agus a fhoireann iontach spreagtha cionn is Gradam Nobel na Síochána a bheith faighte acu agus go bhfuil sé den tuairim go gcuideoidh seo leo san obair atá ar bun acu in Siria agus i dtíortha eile. Tá foireann de 60 duine ag an Eagraíocht san Siria ó 1 Deireadh Fómhair agus dar leo go bhfuil siad i ndiaidh cuairt a thabhairt ar 5 cinn de 20 láthair a luadh le hairm cheimiceacha. Tá ar a laghad ceann amháin de na ceantracha faoi smacht ag lucht éirí amach.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-22 20:15:54

Admin/login Comments RSS

ILBF