An drochaimsir san Iaráic ag spreagadh aer ruathair bhreise ar Kobane

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir urlabhraí sinsearach leis an Pentagon go bhfuil dlús faoi aer ruathair Mheiriceá ar Kobane na Siria cionn is go bhfuil drochaimsir san Iaráic ag cruthú fadhbanna doibh siúd atá i mbun aer ruathair ansin. De thairbhe sin, dar leis an Aimiréal John Kirby, tá aer ruathair ar Kobane méadaithe as cuimse. Deir sé go bhfuil siad cinnte de anois gur maraíodh na céadta trodaire de chuid an Stáit Ioslámaigh sna haer ruathair ar Kobane agus go bhfuil a gcumas chun feidhmi go héifeachtach laghdaithe go mór ar an bhlár cogaidh áirithe seo. Ach cé go bhfuil trodairí Coirdíneacha ag troid go fíochmhar agus go héifeachtach i lár Kobane agus i roinnt bailte faoi chóngar do theorainn na Tuirce tá an Stát Ioslamach i gceannas go fóill ar scair mhaith de bhruachbhailte agus d’oirthear na cathrach agus an cath fós idir dhá cheann na meá.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive