An chogaíocht san Úcráin ag dul in olcas

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir Uachtarán Poroshenko  na hÚcráine go bhfuil saighdiúirí de chuid na Rúise páirteach i roinnt de na hionsaithe atá ar bun ag lucht éirí amach in oirthear na hÚcráine. Séanann an Rúis do na líomhaintí. Ach dúirt idir an tUachtarán Poroshenko agus urlabhraí le hECAT, (Eagras Conradh an Atlantaigh Thuaidh) go bhfuil saighdiúirí de chuid na Rúise ag troid le lucht éirí amach. Measann ECAT go bhfuil 1,000 saighdiúir de chuid na Rúise ag troid leis na lucht éirí amach nó lonnaithe san Úcráin ag cuidiú leo. Tá lucht éirí amach i ndiaidh tosú ar ionsaithe i roinnt áiteanna mar a bhí siad faoi bhrú agus inné d’éirigh leo briseadh amach as an sealan thart timpeall ar Donetsk agus an bhaile Novoazovsk a ghabháil, rud a chruthaigh fronta nua do shaighdiúirí na hÚcráine atá go mór faoi bhrú cheana. Mar aon le saighdiúirí na Rúise tá mílistigh áirithe ag troid ar son na hÚcráine chomh maith.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 00:37:25

Admin/login Comments RSS

ILBF