An Astráil den bharúil nach ‘talamh gafa’ a thuilleadh Iarúsléim Thoir, Iosrael ag cur le tógáil áitreamh ann

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

D’fhógair Ard Aighne na hAstráile inné nach mbainfidh siad úsáid amach anseo as an téarma ‘talamh a rinneadh forghabháil air’ a thuilleadh agus iad ag caint faoi na codanna mhóra de Iarúsléim atá gafa ag rialtas agus arm Iosrael. Feictear seo mar athrú bunúsach ar sheasamh na hAstráile ar an cheist agus forbairt ar an dlúthchaidrimh idir Iosrael agus an Astráil atá ag dul i dtreis le blianta anuas. Agus san am céanna is a fógraíodh seasamh nua na hAstráile d’fhógair rialtas Iosrael go bhfuil cead tugtha acu do thógáil 1,500 teach d’áitritheoirí Iosraelacha in Iarúsléim Thoir agus i gcodanna eile de na tíortha gafa. Dar leis an Aire Tithíochta gur seo freagra chuí Síónach ar bhunú rialtais comhaontaithe Palaistíneach an tseachtain seo caite, rialtas a thugann le chéile Fatah, Hamas agus daoine is dreamanna éagsúla den chéad uair le blianta fada.

Agus é ag caint faoin phlean Iosraelach chun cur lena n-áitrimh dúirt Saeb Erekat, príomhdhuine ar fhoireann margála na bPalaistíneach ina gcainteanna le hIosrael, dúirt sé go bhfuil na Palaistínigh ag déanamh réidh chun Iosrael a chur i láthair na gcúirteanna idirnáisiúnta má leanann siad de bheith ag gabháil talaimh agus ag tógáil áitrimh. Dar leis go bhfuil na huirlisí ag na Palaistínigh anois, ó shínigh siad roinnt conartha leis na Náisiúin Aontaithe anuraidh, go bhfuil na huirlisí acu chun Iosrael a thabhairt os comhair na gcúirteanna idirnáisiúnta as sárú cearta daonna, as smachtú pobail i dtíortha gafa agus as coireanna cogaidh. Seachas stáit Giúdach do Ghiúdaigh a bheith in Iosrael, dar leis, is stát cinedheighilteach í Iosrael, dúirt sé.

Agus tá rialtas Iosrael ag brú chun tosaigh reachtaíocht a cheadóidh do dhochtúirí s’acu cimí atá ar stailc ocrais a chothú in aghaidh a dtola. Tá na scórtha cime Palaistíneach ar stailc ocrais le roinnt seachtainí anuas agus is rún do rialtas Iosrael tosú ar a gcothú in aghaidh a dtola de réir mar a théann a sláinte i meath.

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-27 17:35:28

Admin/login Comments RSS

ILBF