Albain – ‘Tá’ nó ‘Níl’ níl ann domsa ach siamsa

gné-ailt/tuairim, nuacht, Nuacht24

le hEoghan Ó Néill

 

Nuair a chríochneoidh an comháireamh sa 32 ionad comháirimh in Albain maidin Aoine gach seans go mbeidh stát nua ar an tsaol. Nó stát cianaosta ina bheatha arís.

Níl mise ar son neamhspleáchais Alban.

Ach ar an taobh eile níl mé ina choinne.

Ní hionann agus bunús daoine thart timpeall orm is ríchuma liom cad é a dhéanann na hAlbanaigh ó thaobh neamhspleáchais de.

Díreach is siamsa é an reifreann thall agus a bhaineann leis domsa agus cuirim suim áirithe ann mar a chuirim in imeachtaí siamsa eile.

Cinnte tá daoine, bunús daoine ar aithne dom, ar bís chun cic magairleach a thabhairt do na Tóraithe. Agus ard dóchas acu as Alex Salmond, fear atá i ndiaidh an rud dodhéanta a dhéanamh. Neamhspleáchas a dhéanamh faiseanta.

Tá go leor de mo chairde is lucht aitheantais a gcreideann gur féidir tosú ar sochaí nua a chruthú in Albain ón Aoine ar aghaidh ach neamhspleáchas a bheith ann, sochaí a bheidh níos cothroime agus bunaithe ar luachanna níos uaisle ná na luachanna a úsáideann na Sasnaigh agus iad ag plé le hAlbain.

Agus gach seans go bhfuil an ceart acu.

Má bhíonn an tromlach ar son neamhspleáchais beidh fiche féidearthacht ann  chun rudaí nua a chruthú agus chun na seanmhúnlaí ar chlis orthu a bhriseadh ina smidiríní.

Agus tá léar mór daoine in Albain agus sa tír seo agus níos faide i gcéin ar bhreá leo Aontas na Ríochta Aontaithe a bheith ina smidiríní.

Mar sin tá bá don SNP i measc bunús mo chairde is lucht aitheantais sa tír seo.

Ach ní mór a rá go bhfuil sé deacair ag éinne ag breathnú air seo ón taobh amuigh a bheith ar son lucht ‘Níl.’

Ag Dia amháin atá a fhios cad chuige ar aontaigh David Cameron glacadh leis go mbeadh seisean agus a chomhghleacaithe ag seasamh le vóta ar son ‘Níl.’

Ag an leibhéal is bunúsaí tá sé deacair a bheith dearfach faoi stocaireacht ar son ‘Níl!’

Alistair Darling i gceannas ar fheachtas – an ag magadh atá tú?

Ba é an duine is éifeachtaí ar son ‘Níl’ ná Gordon Brown agus níor ligeadh dósan dul chun tosaigh go dtí na seachtainí deireanacha den fheachtas.

Agus cén amadán a shocraigh go ligfí do Bob Geldof, sea, Sir Bob mura miste duit, tabhairt amach ag cruinniú poiblí i Londain i gcoinne na nAlbanach a bheith ag déanamh aithris ar na hÉireannaigh!

Ar bhailigh oiread sin bomán le chéile ar son cúise amháin le fada an lá?

Sin uilig ráite agam ní spreagann Alex Salmond mise.

Fear é, sílim, nár léirigh an dúrud dúil ná suime riamh i bhféiniúlacht cultúrtha Alban. Ní fheicim go bhfuil an féiniúlacht cultúrtha sin, ar bhonn é do go leor gluaiseachtaí náisiúnacha tráth agus tá go fóill i leithéidí na Catalóine, Euzkadi srl, ní fheicim go bhfuil sé tábhachtach do tromlach iad sin atá ar son neamhspleáchais in Albain.

Ní hionann é an SNP / lucht neamhspleáchais Alban agus gluaiseachtaí náisiúnacha fud na hEorpa.

Is léir gur meascán de gach sórt atá ag teilg pobal Alban i dtreo an SNP. Fuath ar Margaret Thatcher is ar na Tóraithe agus ar an léirscrios a rinneadh ar Albain le linn ré na dTóraithe. Deistín roimh an dóigh a caitheann Sasanaigh leo – ón BBC is baincéirí Shasana go dtí tiománaithe tacsaí Londain is feisirí Westminster Pháirtí an Lucht Oibre. Fonn orthu a bheith míle míle ar shiúil ó fhoireann sacair Shasana agus iad ar bís chun Andy Murray a athghabháil ó na Sasanaigh. Agus iad maíte ar gan a bheith luaite amach anseo le ‘Tóraithe Mire’ nó Nigel Farage nó Eurosceipteachas.

Ach ní ón diúltachas amháin a tháinig an borradh seo faoin SNP. Tháinig sé fosta mar gheall ar an Tionól agus ar an ardú meanma a tháinig lena bhunú.

Shíl na páirtithe Westminster go maródh siad féinriail le cineáltas. Ach níor mar sin a bhí.

Rinne an tionól in Holyrood fócas de pholaiteoirí agus polaitíocht áitiúil, den saol Albanach. Chuir sé leis an éileamh ar chumhachtaí bhreise seachas a mhalairt.

Agus thug sé ardán don SNP chun a n-éifeacht a chruthú.

Rud a rinne siad go seoigh.

Gan dabht bhí agus tá ceannaire ar leith acu. Tá Alex Salmond inchurtha leis na ceannairí polaitiúla is fearr an taobh seo domhain.

Mhúnlaigh sé SNP Nua atá i dtiúin leis an pobal ar bhealach nach raibh aon pháirtí in Albain riamh. Go fiú féin d’éirigh leis an SNP, a bhíodh tráth luaite leis an phobal Protastúnach in Albain go háirithe, d’éirigh leis iad a athmhunlú oiread sin is go bhfuil siad tarraingteach anois do lucht tacaíochta Celtic is Rangers araon! Agus go bhfuil sé ag mealladh ar shiúil ina mílte tacaithe Pháirtí an Lucht Oibre, dream a bhí ón chliabhán casta i gcoinne an SNP.

Dá ndéanfadh David Cameron ‘Devo Max’ a thairscint an chéad lá anuas gach seans go mbeadh bua aige go cinnte i reifreann an lae amáraigh. Ach rinne sé mórmheancóg agus is air féin an locht.

Dar leis agus é ag caint inniu nach mbeidh sé ag éirí as mar Phríomh Aire na Ríochta Aontaithe go fiú má thiteann an tóin as an Ríocht Aontaithe sin amárach!

Ach sin é a chaint roimh an reifreann. Má chailleann Westminster sa reifreann seo ní bheidh ann ach ceist ama go gceapfar comharba Cameron.

Ní féidir a mheas go fóill iomlán na n-impleachtaí a bhainfeadh le vóta ‘Tá.’ Ach tá siad ilghnéitheach agus ollmhór agus beidh a lorg anseo in Éirinn mar aon le hAlbain, an Bhreatain agus níos faide i gcéin.

An mbeidh an bua ag lucht ‘Tá’ nó ‘Níl?’

Cá fios.

Cibé rud a tharlóidh admhaíonn gach duine go raibh seo ar na taispeántais daonlathais is forsaí a bhfaca muid an taobh seo domhain leis na cianta.

Tá suas le milliún duine chun vótáil nár chaith vóta roimhe seo. Tá líon mór daoine óga i dteideal nach raibh riamh i dteideal vóta. Ní féidir a thuar cé acu a bheidh an bua.

Ar an mhéid is fiú é tá mise ag tuar go mbeidh an bua ag lucht ‘Níl’ ó thosaigh seo tuairim is dhá bhliain ó shin. In ainneoin fianaise a mhalairte seasaim leis an tuar sin go fóill.

Bhí an feachtas ‘Tá’ chomh dearfach éifeachtach snásta paiseanta pobalbhunaithe sin agus bhí an feachtas ‘Níl’ chomh diúltach, cosantach, leithscéalach neamhphaiseanta aicmebhunaithe sin is go sílfeá go mbeadh an bua ag an SNP.

Ach tá an Scanradh Mór mór!

Tá go leor Albanach scanraithe ar eagla gur fíor don mhéid a deir Alistair Darling – David Cameron et al nuair a mhaíonn siad go dtitfidh an tóin as geilleagar na hAlban ach neamhspleáchas a bheith ann. Tá siad sin imníoch faoi phostanna a bheith ag imeacht nó go mbeadh míchinnteacht ann faoi úsáid Sterling, go mbeadh na socmhainní ola ag ídiú go gasta nó go mba dheacair acu oiread infheisteoirí a mhealladh is a bhí indhéanta nuair a ba chuid den Ríocht Aontaithe iad.

Is cuma cé chomh suairc is atá an tacaí is díograsaí ar son neamhspleáchais. Beidh a sáith fadhbanna eacnamaíochta ann ag stát nua.

Ach lena chois ar ndóigh beidh borradh iontach faoi cruthaitheacht agus samhlaíocht is fiontraíocht is coimitmint is ídealachas is go leor eile a bhaineann le bunú stáit nua.

Mar sin, an mó Albanach a glacfaidh leis an Scanradh Mór nó leis an Fhís Mhór?

Is cuma liom. Bíodh bua nó a mhalairt ag lucht ‘Tá’ bainfidh mé sult as an spórt a bhaineann le reifeann is comháireamh is tráchtaireacht is tuairimíocht is polaiteoirí ag éirí as a bpost agus eile. Beidh siamsa maith ann domsa cibé toradh a bhíonn ann.

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-18 22:09:36

Admin/login Comments RSS

ILBF