‘Os cionn 30,000 páirteach i léirsiú Bhaile Átha Cliath’ – An Garda Síochána

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir na Gardaí go raibh os cionn 30,000 duine páirteach i léirsiú an lae inniu ag Teach Laighean. Measann tráchtairí eile agus lucht eagraithe na himeachtaí go raibh an líon léirsitheoirí níos airde ná sin. Tá 80,000 á lua ag go leor acu. Dúirt an ceoltóir Damian Dempsey go bhfuil gá le reifreann gan mhoill le nach féidir an córas soláthar uisce a phríobhaidiú. Agus mhaigh an comhairleoir Bríd Smyth go mba cheart oll-léirsiú náisiúnta a bheith ann i mí Eanáir. Cuireadh mhór fáilte roimh Ghearóid Mc Adam TD agus Claire Daly, TD, nuair a labhair siad beirt ón ardán.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-31 01:39:04

Admin/login Comments RSS

ILBF