Aire – lucht tacaíochta na Ríochta agus na gConallach!

nuacht, Nuacht24
  Aire: Lucht tacaíochta na Ríochta agus na gConallach!

Ba mhaith le RTÉ Raidió na Gaeltachta cuireadh a thabhairt do lucht tacaíochta na
Ríochta, agus Dhún na nGall, a bheith ina dteannta Dé Sathairn, Tigh Chassidy, Sráid
Camden, ó 7 pm -  9 pm don chlár speisialta Glas agus Buí a bheidh á chraoladh beo
ón ardchathair.

Michelle Nic Grianna ó fhoireann RnaG i nDoirí Beaga agus Pádraig Ó Sé ó fhoireann
Bhaile na nGall a chuirfidh an clár i láthair le ceiliúradh a dhéanamh ar an ócáid
mhór seo le dhá chontae Gaeltachta sa chraobh.

Beidh Michelle agus Pádraig i mbun comhrá le lucht tacaíochta an dá chontae,
iar-imreoirí, agus aíonna speisialta, Mícheál Ó Muircheartaigh ina measc, a bheidh i
láthair i dTigh Cassidy.  Beidh ceol beo leis Na Casaidigh agus Clann Mhic Ruairí,
agus beidh Pádraig Ó Sé ag casadh lena bhean Michelle.

Má tá tú sa cheantar, buail isteach, beidh fáilte roimh chách.  Muna bhfuil, tabhair
cluas don chlár Glas agus Buí Dé Sathairn 20 Meán Fómhair 7 pm - 9 pm ar RTÉ Raidió
na Gaeltachta.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-29 18:13:13

Admin/login Comments RSS

ILBF