Aer ruathair Mheiriceá in Siria, bac is buille do SI ach ní stopfaidh sé iad

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Rinne Meiriceá agus ceithre bhallstát Arabach dá ‘comhghuaillíocht’ i gcoinne an SI sraith d’aer ruathair feadh roinnt uaireanta a chloig ar maidin ar thargaidí taobh istigh den Siria. Ba ar chliabhán is dún an SI, Raqqa, a bhí bunús na n-ionsaithe agus iad dírithe ar throdairí is uirlísí troda an Stáit Ioslámaigh. Rinneadh ionsaithe lena chois ar thargaidí de chuid an Fronta al Nursa, dream atá ceangailte le Al Qaeda, in Aleppo agus i roinnt bailte eile i dtuaisceart na hIaráice. Maraíodh roinnt sibhialtach de réir tuairiscithe ón láthair mar aon le breis is scór trodaire de chuid an Stát Ioslámaigh. Tá tuairimíocht láidir sa Bhreatain anois go mbeidh David Cameron ag iarraidh ar Westminster ceadú dó aerfhórsa na Breataine a úsáid sna haer ruathair seo. Cheana féin tá siad siúd páirteach i mbailiú eolais agus oibríochtaí eile ach go dtí seo ní raibh siad ag scaoileadh diúracáin. An tseachtain seo caite bhí eitleáin cogaidh na Fraince páirteach sna hionsaithe de chéad uair agus ar maidin inniu fógraíodh go bhfuil grúpa in Iarthar na hAilgéire, a mhaíonn go bhfuil siad gaolta leis an Stát Ioslámach i ndiaidh Francach a bhí ar saoire ansin a ghabháil agus é ina ghiall anois acu. I bhfíseán a cuireadh ar fáil inniu impíonn Herve Gourdel ar an Fhrainc éirí as a bheith ag ionsaí an SI in Siria nó san Iaráic. Cé gur dócha go mbainfidh ionsaithe an Iarthair agus a gcomhghuaillithe Arabacha den dlús a bhí faoin SI in Siria agus san Iaráic ní dócha go ndéanfaidh sé mórdhochar don eagras nó tá siad ag feidhmiú ar bhonn iontach casta, ag feidhmiú mar a bheadh gnátharm in áiteanna, mar threallcogaithe in áiteanna eile agus díreach mar bhuíonta trodairí áitiúla in áiteanna eile. Agus seachas a bheith ag iarraidh ceantracha mhóra a rialú tá siad ag comhoibriú le tréibheanna chun ligean do na tréibheanna leanúint dá gcumhacht agus dá ngnáthshaol ar acht go n-íocánn siad taille leis an SI agus go gcloíonn siad le ‘dlíthe Ioslamacha’ an Stáit Ioslamaigh. Lena chois sin ar fad tá an SI i gceannas anois ar cheann de na limistéir is mó fás árbhar san Iaráic agus iad i gceannas ar roinnt réimsí ola, rud a chiallaíonn go bhfuil foinse iontach maoinithe acu. Níl amhras ach go mbeidh an SI ag beartú díoltais anois as na hionsaithe ar a dtrodairí ach beidh Meiriceá go háirithe ag meas ar cheart dóibh a saighdiúirí speisialta a úsáid chun ruathair a dhéanamh i gceantracha atá faoi smacht an Stát Ioslámaigh, ruathar gasta chun trodairí nó a dtrealamh a scrios seachas saighdiúirí a bheith ag iarraidh talamh a ghabháil ar ais ón SI.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-27 17:35:00

Admin/login Comments RSS

ILBF