92 teifeach i ndiaidh a mbádh amach ó chósta na Sicile

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

92 duine ar a laghad a maraíodh nuair a chuaigh bád go tóin poill  faoi chóngar don oileán Lampedusa. Meastar go rachaidh an líon marbh in airde amach sa lá. Tháinig lucht tarrthála i gcabhair ar 140 duine ach bhí na scórtha eile san uisce agus iad ag iarraidh fanacht beo go dtí go dtiocfadh lucht tarrthála a fhad leo. Dar le tuairiscithe áirithe go raibh suas le 500 duine san bád an t-am a chuaigh sé go tóin poill. Bádh 13 teifeach eile sa cheantar céanna níos luaithe an tseachtain seo nuair a chuaigh a mbád siúd go tóin poill.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-27 17:32:11

Admin/login Comments RSS

ILBF