71 páiste, 25 bean ar an 296 Palaistíneach a maraíodh go dtí seo

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Bhí cúigear ó chlann amháin orthu sin a maraíodh in ionsaithe Iosrael ar Gaza inniu. Tá Ban Ki Moon le teacht chuig an reigiún amárach agus dar leis go ndéanfaidh sé a dhícheall chun sos cogaidh a bhaint amach. Ach idir an dá linn tá Iosrael ag bascadh Gaza ón aer, ón fharraige, ar thalamh leis na céadta tonna de ábhar pléasctha. Lean Hamas ag scaoileadh raicéid ar Iosrael inniu . Níor gortaíodh éinne sna hionsaithe sin. Tá 80,000 daoine in Gaza i ndiaidh teitheadh óna dtithe mar gheall ar bhagairtí ó arm Iosrael nó mar gheall ar ionsaithe. Beidh léirsithe ann ag tacú le muintir Gaza ar fud na hÉireann amárach, Dé Sathairn. I mBaile Átha Cliath tosóidh an mórshiúil ag an Spíce i Sráid Uí Chonaill ar 2.00in Agus i mBéal Feirste baileoidh daoine ag Halla na Cathrach ar 3.00in. Tá na ceardchumainn ina comheagraithe ar na hócáidí seo. Beidh imeachtaí i mbailte eile fud na tíre, postaerMÓRSHIÚLTA CHUN TACÚ LE POBAL GAZA FUD NA HÉIREANN, INNIU, AMÁRACH, Dé DOMHNAIGH


Satharn 19 Iúíl – Tionól agus mórshiúil – 2.00 in @ An Spíce, Sráid Uí Chonaill

Satharn 19 Iúíl – [Béal Feirste] Tionól 3.00 in Halla na Cathrach

Satharn 19 Iúíl – [Corcaigh] Daunt Square @2.00 in

Satharn 19 Iúíl – [Luimneach] Sráid Thomáis @ 2.00 in

Satharn 19 Iúíl – [Sligeach] GPO @ 3.00 in

Satharn 19 Iúíl – – [Doire] Slabhra ar Dhroicead na Síochána @ 2.oo in

Satharn 19 Iúíl – – [An Lorgain] @3.00 Sráid an Mhargaidh

Domhnach 20 Iúil – [Béal Feirste] Slogadh le coinnlí ag ceannáras an, BBC, Ascaill Ormeau

Dé Luain 23 Iúil – [Loch Garman ] Slogadh ag 7.00 in , Wexford Lockout Memorial Gates, The Faythe

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-19 04:37:24

Admin/login Comments RSS

ILBF