Clár Beo le Edel Ní Churraoin12:00-13:00in

nuacht, Sean-sleamhnán

Iris Leabhar Nuachta le Edel Ní Churraoin

Mar chuid do cheiliúradh ar Lá Idirnáisiúnta na mBan ar Raidió Fáilte​ 107.1 FM agus www.raidiofailte.com beidh Edel Ní Churraoin ag cur Iris Leabhar Nuachta a láthair idir a 12 agus 1. Agallamh le Liadh Ní Riada​ faoin stailc teanga atá ar siúil aice faoi láthair san Aontas Eorpach, Clíodhna Ní Chíosáin atá mar ambasadóir Sheachtain na Gaeilge, Mary Delargy faoin ClubLeabhar Líofa agus an méid a bheidh ar siúil sa Linenhall Library, Tom Clarke​ mar gheall ar an Tionól Píobaireachta a bheidh ar siúil sa An Droichead Imeachtaí​ ar an Sathairn beag seo chomh maith le Pól Deeds mar gheall ar an dinnéar Sheachtain na Gaeilge a bheidh ar siúil san Ionad Titanic ar an oíche céanna, Beidh agallamh faoi Lá Idirnáisiúnta na mBan agus an méid a bheidh ar siúil anseo i Raidió Fáilte mar gheall air chomh maith le sracfhéachaint ar scéalta an lae.

Ceol ó Emma Ní Fhíoruisce, Joy Dunlop & Gráinne Holland.

Bí i dteangmháil linn ar facebook Raidió Fáilte agus twitter @raidiofailte!

Edel tarraingt

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive