558 teach nua Iosraelach in Iarúsléim Thoir

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tugadh le fios inniu go bhfuil na húdaráis in Iarúsléim I ndiaidh ceadú tógáil 558 teach d’áitritheoirí Giúdacha in Iarúsléim Thoir. I gceantracha atá I bhfad chun tosaigh ar an Líne Glas ann. Cheadaigh siad fosta 45 teach do Phalaistínigh. Deir an tÚdarás Palaistíneach go gcaithfidh an pobal idirnáisiúnta gníomhú chun Iosrael a stopadh de bheith ag cur le lonnaíochta mídhleathacha agus go bhfuil na cainteanna atá ag dul ar aghaidh I láthair na huaire idir an tÚdarás agus Iosrael I gcontúirt anois. Tá os cionn 550,000 áitritheoir Iosraelach ina gcónaí anois ar na Tíortha Gafa ar an Bhruach Thiar agus Iarúsléim agus rún  ag Iosrael ‘firicí ar an talamh’ a athrú le plandáil ollmhór beag bean ar dhlí idirnáisiúnta.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive