50 sibhialtach marbh in ionsaithe neamhstaonacha Iosrael ar Gaza

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir lucht leighis i Straice Gaza go raibh oíche Chéadaoine ar na hoícheanta a ba fhuiltí ó thosaigh Iosrael ar a mórionsaí ar Gaza. Maraíodh fiche duine ar a laghad, ina measc naonúr a bhí ag breathnú cluiche leathcheannais Chorn an Domhain i gcaifé, seachtar ball de chlann amháin agus ar maidin Abdullah Abu Gazal, páiste 5 bliain d’aois. Mara iodh 77 duine ó Gaza ó thosaigh an mórionsaí. Dúirt arm Iosrael inniu gur ‘de thaisme’ ar mharaigh siad ochtar ball de chlann Kaware  agus gur ghortaigh siad 25 Palaistineach in ionsaí ar theach. Deir Iosrael go leanfaidh siad leo ag ionsaí fad is go scaoileann Hamas raicéid ar Iosrael. Níor bhain mórghortú d’aon Iosraelach ná níor maraíodh Iosrael ar bith sa bhabhta reatha cogaíochta.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-29 18:12:06

Admin/login Comments RSS

ILBF