48 marbh in ionsaí ar scoil sa Nigéir – dréim le hardú ar líon marbh

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Mic léinn óga a ba iad bunús na ndaoine a maraíodh nuair a shíob buamadóir féinmharfach buama mór i scoil in  Potiskum, stát Yobe , sa Nigéir. Táthar ag cur an locht ar Boko Haram as an ionsaí, cé nach raibh aon duine ón ghrúpa sin ag glacadh le freagracht as an ionsaí go fóill. Phléasc an buama le linn do 2,000 dalta meánscoile a bheith ag déanamh réidh do thionól na maidine. Gortaíodh na scórtha, cuid acu go fíordhona agus tá buairt ann go rachaidh an líon marbh in airde. Deirtear go raibh an buamadóir gléastha ionann is gur mhac léinn é.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive