44 marbh i gcaismirtí san Éigipt

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Maraíodh 44 duine ar a laghad agus gortaíodh corradh is 300 duine eile nuair a thug léirsitheoirí Morsi dúshlán arm na hÉigipte agus reáchtáil agóidí in Caireo. Bhí léirsitheoirí a thacaíonn leis an rialtas míleata agus arm is aerfhórsa na tire I mbun ceiliúradh ar feadh an lae ag Cearnóg Tahrir. Chuaigh tacaithe leis an iarUachtarán Morsi I mbun mórshiúlta ach scaoil saighdiúirí is peas orthu agus I roinnt ceantracha tharla caismirtí idir iad agus tacaithe an rialtais. Bhíothas ag reáchtáil ócáidí phoiblí fud na hÉigipte inniu chun comóradh ar thus an chogaidh idir Iosrael agus an Éigipt cothrom an lae inniu 40 bliain ó shin. Ghabh arm na hÉigipte cumhacht I mí Mheithimh na bliana seo nuair a reáchtáil siad coup chun an tUachtarán Morsi a chur as cumhacht.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-09-21 00:50:57

Admin/login Comments RSS

ILBF