13 marbh i ndiaidh eachtra scaoilte Washington

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Maraíodh triúr déag agus gortaíodh deichniúr ar a laghad nuair a tharla scaoileadh ag an Washington Naval Yard. Tharla an t-eachtra ag 8.20 rn ar maidin. Tá tuairim is 3,000 duine fostaithe san ionad, áit a bhfuil dlúthcheangal aige le cabhlach Mheiriceá. Bhí tuairisc ann go raibh beirt nó triúr ghunnadóir i gceist ach níl aon dearbhú air sin ná aon eolas ar leith faoi cad a ba chúis leis an eachtra seo. De réir na tuairscithe ón láthair le déanaí gur scaoileadh fear a síleadh a bheith orthu sin a bhí páirteach san  eachtra. Tá tuairimíocht ann gur iarfhostaí ag cabhlach Mheiriceá é an fear a maraíodh. Dar leis na meáin gurb é Aaron Alexis, fear as Texas atá sna tríochaidí a bhí ina chonraitheoir ag cabhlach Mheiriceá de réir tuairiscithe áirithe.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive