3,000+ marbh san Úcráin ach an sos cogaidh seasmhach, ar éigean

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá corr ionsaí á déanamh san Úcráin ach don chuid is mó tá an sos cogaidh atá i bhfeidhm ó bhí an Aoine ann seasmhach go maith. Deir na Náisiúin Aontaithe gur maraíodh, de réir na bhfigiúirí oifigiúla, gur maraíodh 2,729  duine. Ach má chuirtear san áireamh na daoine a maraíodh ar an eitleán MH17, 298 duine, gur mhó ná 3,000 duine a maraíodh. Agus meastar gur airde ná na figiúirí oifigiúla an fíorlíon marbh. Tá dul chun tosaigh maith déanta ag lucht éirí amach le cúpla lá anuas agus tá buairt ar an rialtas i gCív go gcaillfidh siad go leor talaimh má bhíonn comhréiteach bunaithe ar an staid reatha. Ar maidin d’fhógair an tAontas Eorpach go bhfuil siad chun tuilleadh smachtbhannaí a chur i gcrích i gcoinne na Rúise a thiocfaidh i bhfeidhm amárach. Ach dar leo gur féidir iad a aisghairm i gcás go maireann an sos cogaidh agus go mbíonn réiteach ann ar an ghéarchéim.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-20 07:42:14

Admin/login Comments RSS

ILBF