3 bliain ó chuir Mohamed Bouazizi é féin le tine

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá imeachtaí comórtha do Mohamed Bouazizi á reáchtáil sa Tuinéis inniu, cothrom an lae trí bhliain ó chuir sé é féin le tine mar agóid i gcoinne ciapadh na bpéas is calaois na n-údarás. Bhí crua air leanúint ar aghaidh lena iarrachtaí chun earraí a dhíol ag seastáin sráide cionn is  calaois agus an cos ar bholg na n-údarás agus chuir sé é féin le tine. Mhair sé beo go dtí 3 Eanáir ach cailleadh ansin é. Spreag a scéala agus a fhulaingt éirí amach sa Tuinéis agus b’éigean don deachtóir Ben Ali teitheadh leis i ndiaidh dó a bheith i gcumhacht le 23 bliain. Spreag scéal Mohamed Bouazizi pobail fud an domhain Arabaigh agus feictear é mar thúsphointe don Earrach Arabach.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-26 01:51:33

Admin/login Comments RSS

ILBF