24 Palaistíneach, saighdiúir Iosraelach marbh i gcéad lá d’ionradh Gaza

idirnáisiúnta, nuacht, Nuacht24

Dar le lucht leighis in Gaza gur maraíodh 24 Palaistíneach agus gur gortaíodh os cionn 200 duine eile acu ó d’ionraigh Iosrael Gaza. D’fhógair Iosrael ar maidin gur maraíodh saighdiúir dá gcuid sa trodaíocht. Dar leis an iriseoir ó Guardian Shasana, Peter Beaumount, go raibh triúr, fear bean agus páiste dhá bhliain, ar triúr a mharaigh sliogán Iosraelach agus iad i mbun Iftar, briseadh ar trosc Ramadan. Deir sé go deachaigh sé i bhfeidhm air oiread sin páiste is a bhí gortaithe aréir agus ar maidin inniu. Tháinig sliogán tríd ceithre bhalla gur bhuail sé iad. Chuir sé in iúl arís eile go bhfuil an locht ar Hamas as bás sibhialtach mar go bhfuil siad, dar leis, ag ceilt i measc sibhialtach agus a n-úsáid mar sciath chosanta agus iad ag ionsaí cathracha Iosrael. Ní léir go fóill cé chomh fada a mhairfidh an ionradh ach ó tharla 60,000 saighdiúir Iosraelach a bheith ar fáil anois meastar go mairfidh sé tamall fada. Bhí an Iorua, an Fhrainc, agus an Éigipt ar na tíortha a chuir in iúl go bhfuil siad míshásta le cinneadh Iosrael chun Gaza a ionradh.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-24 05:15:56

Admin/login Comments RSS

ILBF